Tá Airbnb ar Fáil Anois ina Dhá Oiread Teangacha

Is é Airbnb an margadh ar líne is mó ar domhan le haghaidh áiteanna fanachta atá uathúil agus barántúil a aimsiú agus chun teacht ar rudaí uathúla agus barántúla is féidir le daoine a dhéanamh. Tá os cionn 7 milliún lóistín agus 40,000 gníomhaíocht á dtairiscint ar Airbnb, gníomhaíochtaí a cheap daoine a raibh fios a gceirde acu agus iad ar fad á gcumasú ag óstaigh áitiúla. Seiceálann thart ar sheisear aíonna isteach i liostú Airbnb in aghaidh an tsoicind. Agus tá an tseiceáil isteach seo ag tarlú ar fud an domhain: In 2011, bhí 12 chathair ann ina raibh níos mó ná 1,000 liostú Airbnb ar fáil; sa lá atá inniu ann, tá beagnach 1,000 cathair ann ina bhfuil níos mó ná 1,000 liostú Airbnb ar fáil. Ar aon dul leis sin, in 2011 níor chuir ach cathair amháin fáilte roimh níos mó ná 100,000 aoi a bhí ag teacht chuig liostuithe Airbnb, ach le bliain anuas, chuir os cionn 300 cathair fáilte roimh bhreis agus 100,000 aoi de chuid Airbnb.

Cé go bhfuil Airbnb á úsáid cheana féin in os cionn 191 tír agus réigiún ar fud an domhain, táimid ag obair i gcónaí chun go mbeidh teacht ag níos mó daoine ar ár n-ardán.  Ó Albáinis go Súlúis, is mian linn fáilte a chur roimh gach duine ar Airbnb, is cuma cén teanga a labhraíonn siad. 

Inniu, tá líon na dteangacha inar féidir le hóstaigh agus aíonna Airbnb a úsáid á dhúbailt againn. Tacaíonn ardán Airbnb le 62 teanga ar fud an domhain anois agus dá bharr sin, tá rochtain ag os cionn 4 bhilliún cainteoirí dúchais air. I dtaca leis na teangacha nua seo, táimid ag obair ar mhaithe le deis eacnamaíoch a chur ar fáil do níos mó óstach fós, agus le  go mbeidh sé níos éasca ag breis aíonna eispéireas taistil atá áitiúil, barántúil agus uathúil a bhlaiseadh.

Seo an 31 teanga nua atá ar fáil anois ar Airbnb: 

  1. Albáinis (an Albáin)
  2. Airméinis (an Airméin)
  3. Asairis (an Asarbaiseáin)
  4. Boisnis (an Bhoisnia)
  5. Bulgáiris (an Bhulgáir)
  6. Sínis Thraidisiúnta (SAR Hong Cong)
  7. Béarla (an Astráil)
  8. Béarla (Ceanada)
  9. Béarla (an Ríocht Aontaithe)
  10. Eastóinis (an Eastóin)
  11. Fraincis (Ceanada)
  12. Seoirsis (an tSeoirse)
  13. Hiondúis (an India)
  14. Gaeilge (Éire)
  15. Laitvis (an Laitvia)
  16. Liotuáinis (an Liotuáin)
  17. Macadóinis (an Mhacadóin Thuaidh)
  18. Máltais (Málta)
  19. Montainéigris (Montainéagró)
  20. Rómáinis (an Rómáin)
  21. Seirbis (an tSeirbia)
  22. Slóvaicis (an tSlóvaic)
  23. Slóivéinis (an tSlóivéin)
  24. Spáinnis (an Airgintín)
  25. Spáinnis (Meiriceá Laidineach)
  26. Svahaílis (an Afraic)
  27. Tagálaigis (na hOileáin Fhilipíneacha) 
  28. Úcráinis (an Úcráin)
  29. Vítneaimis (Vítneam)
  30. Cóisis (an Afraic Theas)
  31. Súlúis (an Afraic Theas)

An mian leat an post seo a léamh i dteangacha eile? Cliceáil ar na hipearnaisc thuas.

Má tá ár n-óstaigh agus ár n-aíonna ag úsáid láithreán gréasáin nó aip Airbnb , is furasta dóibh athrú go dtí teanga nua. Ar an deasc, cliceáil anseo chun teanga a roghnú. Baintear úsáid as an teanga a roghnaítear i suíomhanna an ghléis ar ár n-aipeanna móibíleacha . Chun athrú a dhéanamh, is féidir le húsáideoirí dul go dtí socruithe a ngléis chun athrú chuig ceann amháin nó níos mó de na láithreacha lena dtacaímid anois.